Amhrán Na BhFiann - The Fighting Men From Crossmaglen

[Verse]
Seo dhíbh, a chairde, duan Ógláigh,
Caithréimeach bríomhar ceolmhar,
Ár dtinte cnámh go buacach táid,
'S an spéir go mín réaltógach,
Is fonnmhar faobhrach sinn chun gleo,
'S go tiúnmhar glé roimh thíocht don ló,
Fé chiúnas chaomh na hoíche ar seol,
Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann.

[Chorus]
Sinne Fianna Fáil,
Atá faoi gheall ag Eirinn,
Buíonn dár slua, thar toinn do ráinig chugainn,
Faoi mhóid bheith saor, seantír ár sinsear feasta,
Ní fhágfar faoin tíorán ná faoin tráill;
Anocht a théam sa Bhearna Baoil,
Le gean ar Ghaeil chun báis nó saoil,
Le gunnaí scréach, faoi lámhach na bpiléar,
Seo libh canáigh, Amhrán na bhFiann.

[Verse]
Cois bánta réidhe, ar ardaibh sléibhe,
Ba bhuadhach ár sinsir romhainn,
Ag lámhach go tréan fén sárbhrat séin,
'Tá thuas sa ghaoth go seolta,
Ba dhúchas riamh dár gcine cháidh,
Gan iompáil siar ó imirt air,
'S ag siúl mar iad i gcoinne námhad,
Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann.

[Chorus]
Sinne Fianna Fáil,
Atá faoi gheall ag Eirinn,
Buíonn dár slua, thar toinn do ráinig chugainn,
Faoi mhóid bheith saor, seantír ár sinsear feasta,
Ní fhágfar faoin tíorán ná faoin tráill;
Anocht a théam sa Bhearna Baoil,
Le gean ar Ghaeil chun báis nó saoil,
Le gunnaí scréach, faoi lámhach na bpiléar,
Seo libh canáigh, Amhrán na bhFiann.