[Verse]
Is greannúr an ní seo do chímse'r na bóithribh,
Eascú 'gus píob aici 'siorsheinim cheóil dúinn,
An breac lughach sa' linnoch! Ba mhín iad a bhróga,
Is an bhfeacúir na caoire sa' gheimhre 'buaint mhóna?
[Chorus]
Man-gal-um die der-o, dow-der-o dílis é,
Bog do chos, croth do chos, téanam a' rince liom!
[Verse]
Dá bhfeicfeá-sa bricin a' breith coiní i bpoll leis,
Is nead ag an bhfuiseog an ghanndail,
Cearc uisge 'crónan 's a' buaint ceóil bhreá as trompaí,
'Gus madarua ar an dteinteán is an sraoilleán ag amhastruigh.
[Chorus]
Man-gal-um die der-o, dow-der-o dílis é,
Bog do chos, croth do chos, téanam a' rince liom!
[Verse]
Dá bhfeicfeá- sa an fhionnóg ar stuaic a' buaint biolair,
Is Garrán na mBráthar le n-a chárt a' tomhas mine,
An chearc is an bárdal idir an Spáinneach 's an Turcaigh,
'Gus giorae agus bríste air ag ól fíona ar bórd luinge.
[Chorus]
Man-gal-um die der-o, dow-dеr-o dílis é,
Bog do chos, croth do chos, téanam a' rince liom!
[Verse]
Do chonnac-sa sgeacha gan mhaidí gan deilgnе,
Dhá mhadarua is iad gan chluasa gan earbhall,
Teampall ar fuaid gleannta is é a'damhas is ag eiteallaigh,
Is ní bréagaí mé féinigh ná an té seo do chreidfeadh mé!
[Chorus]
Man-gal-um die der-o, dow-der-o dílis é,
Bog do chos, croth do chos, téanam a' rince liom!.