Éamonn An Chnoic - The Wolfe Tones


"Cé hé sin amuigh go bhfuil faor ar a ghuth,
Ag réabadh mo dhorais dúnta?"
"Mise Éamonn an Chnoic tá báite fuar fliuch,
Ó shíorshiúl sléibhte is gleannta",
"A lao ghil 's a chuid, céard a dhéanfainnse dhuit,
Mara gcuirfinn ort binn dom ghúna?
'S go mbeidh púdar dubh, 'á lámhach linn go tiubh,
Is go mbeimis araon múchta!"

Is fada mise amuigh faoi shneachta 's faoi shioc,
Is gan dánacht agam ar aon neach,
Mo bhranar gan cur, mo sheisreach gan scor,
Is gan iad agam ar aon chor,
Níl caraid agam, is danaid liom sin,
Do ghlacfadh mé moch nó déanach,
Is go gcaithear mé dhul thar farraigí soir,
Ós ann nach bhfuil mo ghaolta.