I nGarrán Na Bhile - The Wolfe Tones

[Chorus]
An raibh tú riamh i nGarrán a Bhile?
Nó an bhfaca tú i nGarrán a Bhile?
An tsuairc-bhean óg na gcuacha n-óir?
'Sí Cáit mo stór i nGarrán a Bhile.

[Verse]
Is gile í ná eala ar linn,
Sna sneachta ar bharr na craoibhe cuilinn;
'S milse a póg ná drúcht na rós,
'Si Cáit mo stór i nGarrán a Bhile.

[Chorus]
An raibh tú riamh i nGarrán a Bhile?
Nó an bhfaca tú i nGarrán a Bhile?
An tsuairc-bhean óg na gcuacha n-óir?
'Sí Cáit mo stór i nGarrán a Bhile

[Verse]
Is binne a ceol ná lon 's na smól,
A's na filiméala ar chraoibhe na saile,
Mar loing faoi sheol ar thoinn gan cheó,
Sea chimse mo stór i nGarrán a Bhile.

[Chorus]
An raibh tú riamh i nGarrán a Bhile?
Nó an bhfaca tú i nGarrán a Bhile?
An tsuairc-bhean óg na gcuacha n-óir?
'Sí Cáit mo stór i nGarrán a Bhile.

[Verse]
Chughasta a Chriost, le fonn mo ghuí,
Má tá aon brí le guí an bhfile,
Gan cáin, gan chíos, gan phráinn, gan dhíth,
Go raibh Cáit is a budhin i nGarrán a Bhile.

[Chorus]
An raibh tú riamh i nGarrán a Bhile?
Nó an bhfaca tú i nGarrán a Bhile?
An tsuairc-bhean óg na gcuacha n-óir?
'Sí Cáit mo stór i nGarrán a Bhile.

[Chorus]
An raibh tú riamh i nGarrán a Bhile?
Nó an bhfaca tú i nGarrán a Bhile?
An tsuairc-bhean óg na gcuacha n-óir?
'Sí Cáit mo stór i nGarrán a Bhile.