A Róisín, ná bíodh brón ort ná chás anois,
Tá do phárdún ó'n Róimh is ó'n bPápa agat,
Tá na bráithre ag teacht thar saile,
'S tríall thar muir,
Is ni ceilfear fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.
Beidh an Éiridhe ina tuilte dearga 's an spéir 'na fuil,
Beidh an saol ina choghadh craorach, is réadfarna gcnoc,
Beidh gach gleann sléibhe ar fuid Eireann,
Is móinte ar crith, la eigin,
Sula n-eagfaidh mo Róisín Dubh.