Rosc Catha Na Mumhan - The Wolfe Tones

[Verse]
D'aithníos féin gan bhréag ar fhuacht,
'S ar anfa Thétis taobh le cuan,
Ar chanadh na n-éan go séiseach suairc,
Go gcasadh mo Shéasar glé gan ghruaim.

[Chorus]
Measaim gur subhach don Mhumhain an fhuaim,
'S dá maireann go dubhach de chrú na mbua,
Torann na dtonn le sleasaibh na long,
Ag tarraingt go teann 'n-ár gceann ar cuairt.

[Verse]
Tá lasadh sa ghréin gach lae go neoin,
Ní taise don ré, ní théann fé neoil,
Tá barra na gcraobh ag déanamh sceoil,
Nach fada bheidh Gaeil i ngéibheann bróin.

[Chorus]
Measaim gur súbhach don Mhumhain an ceol,
'S dá maireann go dubhach de chrú na dtreon,
Torann na dtonn le sleasaibh na long,
Ag tarraingt go teann 'n-ár gceann fé sheol.

[Verse]
Is annamh dom maidin ar amharc an lae,
Ná bainim chum reatha go farraige síos,
Mo dhearca dá leathadh ag faire de shíor,
Ar bharcaibh an fharaire ag gearradh na slí.

[Chorus]
Measaim gur súbhach don Mhumhain 's gur binn,
'S dá maireann go dubhach de chrú na rí,
Torann na long ag scoilteadh na dtonn,
Ag tarraingt go teann 'n-ár gceann gan mhoill.

[Verse]
Gach cruinníodh d'fhuil Mhílе duine thréin,
Go ritheann 'na chuisle dеn bhfíor-fhuil braon,
Do milleadh le dlíthe is do crádh le claon,
Go mbuailfidh sé buille le báire an tséin.

[Chorus]
Measaim gur subhach don Mhumhain i gcéin,
's dá maireann go dubhach de chrú na dtréan,
Torann na dtonn le sleasaibh na long,
Ag tarraingt go teann 'n-ár gceann le faobhar.

[Chorus]
Measaim gur subhach don Mhumhain i gcéin,
's dá maireann go dubhach de chrú na dtréan,
Torann na dtonn le sleasaibh na long,
Ag tarraingt go teann 'n-ár gceann le faobhar.