Cait Ni Dhuibhir - The Young Wolfe Tones


Tráthnóinín beag déanach,
Is mo thréad agam á chur ón síon,
I lúib na coille craobhaí,
Is nach aerach a bhí mo thriall,
Bhí an chuach an lon 's an chéirseach,
Ar séirse is gach nóta fíor,
Is i mbun is i mbarr gach véarsa,
Go mbeadh Éire aige Cáit Ní Dhuibhir.

Tá liosacháinín féir ghlais,
Agam féinig ag ceann mo thí,
Agus bíonn gach maidin ghréine,
An spéirbhean ann 's í romham 'na suí
Tá leabhair aici don Ghaeilge,
Is beagáinín den mBéarla third,
Is i mbun is i mbarr gach véarsa
Go mbeidh Éire aige Cáit Ní Dhuibhir.

Do shuigh sí ar bhinsín taobh liom,
Is mo ghéaga do thit liom síos,
Do shíleas nárbh aon saolta í,
Is gur baol dom í theacht im' líon,
"An tú Pállas nó an tú Hélen,
Nó an chéad bhean do ghoid an Traoi,
Nó an bean tú a mhill na céadta,
Gcòir raibh gaol aici le Cáit Ní Dhuibhir."

"Is bean ró-mhór i bpéin mé,
Is mo chéile do chuaigh thar toinn,
Mo chlann go bhfuil i ndaor-bhroid,
Go tréithlag 's gan phreab 'na gcroí',
Ach éireoidh clanna Gaeil suas,
Is léimfidh go mear gach claidheamh,
'S gur b'é túis is deireadh mo scéilse,
Go mbeidh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir."

"Ach éireoidh clanna Gaeil suas
Is léimfidh go mear gach claidheamh
'S gur b'é túis is deirеadh mo scéilse
Go mbeidh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir.".